Cuid a hAon: An Brollach

Siúlann an file amach leis féin maidin shamhraidh agus
castar spéirbhean uafásach air. Sracann sí ina diaidh é tríd
an lathach go dtí Cnoc Mhánmhaí áit a bhfuil cúirt á
stiúradh ag Aoibheal, ríon álainn na sí.

Ba ghnáth mé ar siúl le ciumhais na habhann
Ar bháinseach úr is an drúcht go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe
Gan mhairg gan mhoill ar shoilseadh an lae.
Do ghealadh mo chroí nuair chínn Loch Gréine,
An talamh, an tír, is íor na spéire
Ba thaitneamhach aoibhinn suíomh na sléibhte
Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.
Ghealfadh an croí bheadh críon le cianta-
Caite gan bhrí nó líonta le pianta-
An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas
D?fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte
Ar lachain ina scuain ar chuan gan cheo,
An eala ar a bhfuaid is í ag gluaiseacht leo,
Na héisc le meidhir ag éirí anairde
Péirse i radharc go taibhseach tarrbhreac,
Dath an locha agus gorm na dtonn
Ag teacht go tolgach torannach trom,
Bhíodh éanlaith i gcrann go meidhreach mómhar,
Léimneach eilte i gcoillte im chóngar,
Géimneach adharc is radharc ar shlóite,
Tréanrith gadhar is Reynard rompu.

Ar maidin inné bhí an spéir gan cheo,
Bhí Cancer, ón ngréin, ina caortha teo
Is í gafa chun saothair tar éis na hoíche
Is obair an lae sin roimpi sínte.
Bhí duilliúr craobh ar ghéaga im thimpeall,
Feorainn is féar ina slaoda taobh liom,
Glasra fáis is bláth is luibheannna
Scaipfeadh le fán dá chráiteacht smaointe.
Do bhí mé cortha is an codladh dom thraochadh,
Do shín mé tharam ar cothrom sa bhféar ghlas
In aice na gcrann i dteannta trínse,
Taca lem cheann is mo hanlaí sínte.
Ar cheangal mo shúl go dlúth le chéile,
Greamaithe dúnta i ndúghlas néalta,
Is m?aghaidh agam folaithe ar chuileanna go sásta
I dtaidhbhreamh d?fhulaing mé an cuilithe cráite
Do chorraigh do lom do pholl go hae mé
Im chodladh go trom gan mheabhair gan éirim.

Ba ghairid mo shuan nuair chuala, shíl mé,
An talamh máguaird ar luascadh im thimpeall
Anfa aduaidh is fuadach fíochmhar
Is caladh an chuain ag tuargain tinte;
Siolla de mo shúil dar shamhlaíos uaim
Chonnaic mé chugam le ciumhas an chuain
An mhásach bholgach tholgach thaibhseach
Chnámhach cholgach ghairgeach ghaibhdeach;
A hairde ceart, má mheas me díreach,
Sé nó seacht do shlata is fuílleach,
Péirse beacht dá brat ag sraoilleadh
Léi sa tslab le drab is draoibeal.
Ba mhór ba mhéadhair ba fiáin le féachaint
Suas ina héadan créachtach creimeach,
Ba anfa ceantair, scanradh saolta,
A draid is a drandal mantach méirscreach.
A rí gach má! ba láidir líofa
A bíoma láimhe is lánstaf inti
Comhartha práis ina bharr ar spíce
Is cumhachta báille in airde air scríofa.

Adúirt go dorrga d?fhocla dána:-
Múscail! Corraigh! a chodlataigh ghránna;
Is dubhach do shlí bheith sínte i do shliasta
Is cúirt ina suí is na mílte ag triall ann;
Ní cúirt gan acht gan reacht gan riail
Ná cúirt na gcreach mar chleacht tú riamh
An chúirt seo ghluais ó shluaite séimhe-
Cúirt na dtrua na mbua is na mbéithe.
Is mór le maíomh ar shíolra Éibhir
Uaisle sí mar shuíodar d?aonghuth
Dhá lá is oíche ar bhinn an tsléibhe
I bpálás bhuionmhar Bhruíon Mhá Gréine.
Is daingean do ghoill sé ar shoilse an rí
Is ar mhaithe a theaghlaigh thaibhsigh sí,
Is ar uimhir na buíne bhí ina ndáil
Mar d?imigh gach díth ar chríocha Fáil-
Gan sealbh gan saoirse ag síolrach seanda,
Ceannas a ndlí ná cíos ná ceannfoirt,
Scriosadh an tír is níl ina ndiaidh
In ionad na luibheanna ach flíoch is fiaile;
An uaisle b?fhearr chun fáin mar leaghadar
Is uachtar láimhe ag fáslaigh shaibhre,
Ag fealladh le fonn is foghail gan féachaint
D?fheannadh na lobhar is an lom dá léirscrios.
Is dochrach dubhach mar dhíogha gach daoirse
Doilbhe dúr i ndúbhcheilt dlíthe
An fann gan feidhm ná faghaidh ó éinne
Ach clampar doimhin is luí chun léirscrios,
Falsacht fear dlí is fachtnaí ardnirt,
Cam is calaois faillí is fabhar,
Scamall an dlí agus fíordhath fannchirt,
Dalladh le bríb, le fee is le falsacht.

Farradh gach fíor, is fuíoll níor fágadh,
Dearbhadh díble ar Bhíobla an lá san
Cúis dar ndóigh ná geobhaidh tú saor tríd,-
Cnú na hóige dá feo le faolras
Is easnamh daoine suite ar Éire-
Do mheath led chuimhne an síolrach daonna;
Is folamh is is tráite fágadh tíortha,
An cogadh is an bás gan spás dá ndíogadh,
Uabhar na ríthe is ar imigh thar sáile
Nuair ná deineann sibh tuilleadh ina n-áit díobh.
Is náir d?bhur n-iomad gan siorrach gan síolrach
Is mná ina muirear ar muir is ar tíortha,
Connsaí chorpartha is borracaí óga,
Is bonsaí bhrothallach fola agus feola,
Lóistigh liosta agus leigithí shásta
Is mórgaigh shioscaithe d?imigh i bhásta;
Is trua gan toircheas stollairí den tsort seo,
Is trua gan tórmach brollaigh is bóta iad,
Is minic iad ullamh an focal dá bhfaighidís
Ag titim dá mogaill is molaimse a bhfoighne.

Is é cinneadh le saoithe i gcríoch na comhairle
In ionad na daoirse d?insint dóibh sin:-
Duine den bhuíon seo, líon a gcumhachta,
Ar thitim don dísle, suíomh i bhFóla.

Tairgeann Aoibheal croí gan chlaoin-bheart,
Cara na Muimhneach, sí-bhean Léithchraig,
Scaradh le saoithe sí na slua seo
Scaitheamh do scaoileadh daoirse i dTuamhumhain.
Gheall an mhíonla chaoinis chóir seo
Falsacht dlí do chloí go cumhachtach,
Seasamh i dteannta fann is faonlag
Is caithfidh an teann bheith ceansa tláith libh,
Caithfidh an neart gan cheart seo stríocadh
Is caithfidh an ceart ina cheart bheith suite;
Geallaimse anois nach clis ná cumhachta,
Cairdeas Miss ná Pimp ina comhalta
Shiúlfas tríd an dlí seo de ghnáth
Is a gcúirt ina suí ag an síolrach neamhdha;
Tá an chúirt seo seasmhach feasta sa bhFiacail,
Siúilse, is freagair í, caithfidh tú triall ann
Siúil gan tafann go tapa ar do phriacal,
Siúil! nó stracfad sa lathaigh im dhiaidh thú!
Do bhuail sí crúca im chúl san chába
Is ghluais chun siúil go lúbach láidir,
Sciob léi síos mé trí na gleannta,
Cnoc Mhánmhaí is go binn an teampaill.

Cuid a Dó: An Ainnir

Labhraíonn bean óg le maithe na cúirte i dtaobh a cuid
trioblóide: nach bhfuil fir óga na tíre ag pósadh agus, mar
sin, go bhfuil sí gan chéile.

Is deimhin go bhfaca mé ar lasadh le tóirsí
An teaghlach taitneamhach maiseamhach mórtach
Soilseach seasmhach lannúil lomrach
Taibhseach taitheacach daingean dea-dhóirseach,
Chonnaic mé an tsíbhean mhíonla bhéasach
Chumais ina suí ar bhínse an tsaoirchirt
Chonnaic mé garda láidir luaimneach
Iomadúil arrthach tarraingthe suas léi,
Chonnaic mé láithreach lánteach líonta
Ó mhullach go lár de mhná is de dhaoine,
Chonaic mé spéirbhean mhaorga mhallruisc
Mhilisbhog bhéaltais mhéarlag mhealltach
Thaithneamhach shásta tháclach fhionn
Ina seasamh in airde ar chlár na mionn.
Bhí a gruaig léi scaoilte síos go slaodach
Is buaireamh suite fíor ina féachaint,
Fuinneamh ina radharc is faghairt ina súile
Is fiuchadh le draighean oilc aighnis fútha;
A caint dá cosc le loscadh cléibhe;
Gan gíog ina tost acht tocht dá traochadh,
Do b?fhurasta a rá gur bás ba rogha léi
Is tuile gan tlás ag tál go trom léi,-
Ina seasamh ar lár an chláir ina saighead
Is í ag greadadh na lámh is ag fáscadh a ladhar.
An uair do ghoil sí folcthaí fíochmhar
Is d?fhuascail osnaí gothaí cainte
D?imigh an smúit is d?iompaigh snua uirthi
Thriomaigh sí a gnúis is dúirt mar inseoidh mé:-

“Míle fáilte is gairdeas cléibh romhat,
A Aoibheal, a fháidhbhean ársa on Léithchraig,
A soilse an lae is a ré gan choimse,
A shaibhreas shaolta i ngéibhinn daoirse
A cheannasach bhuach ó shluaite an aoibhnis,
Ba easnamh crua thú i dTuamhumhain is i dTír Luirc;
Sé túis mo cháis is fáth mo chaointe
Cúis do chráigh mé is d?fhág me claoite
Bhain dem threoir mé is sheol gan chiall mé,
Is chaith mar cheo mé dóite i bpianta,-
Na sluaite imíonn gan chríoch gan chaomhnú
Ar fud an tsaoil seo d?fhíorscoth béithe
Ina gcailleacha dubha gan cumhdach céile
Caite gan clú gan cionnta claoin-bheart.
Is aithnid dom féin sa mhéad seo shiúlas
Bean agus céad nár mhian leo a dhiúltadh
Is mise in a measc mo chreach mar táimse
D?imigh im spaid gan fear gan pháiste.
Mo dhochar mo dhó mo bhrón mar bhím
Gan sochar gan só gan seod gan síth,
Go doilbhir duaiseach duamhar díothach
Gan codladh gan suan gan suairceas oíche,
Ach maslaithe i mbuairt gan suaimhneas sínte
Ar leaba leamh-fhuar dár suathadh ag smaointe.
A cháidh na Carraige breathain go bíogach
Mná na Banba in anacair suite,
Ar nós má leanann siad na fir dá bhfuadar
Óch, mo lagar! ach caithfimidne a bhfuadach.
Sé am gur mhian leo céile phósadh
An t-am gur dhéirc le héinne gabháil leo!
An t-am nár bhfiú bheith fúthu sínte-
Na seandaigh thamhanda shúite chloíte.
Dá dtiteadh amach le teas na hóige
Duine fén seacht ar theacht féasóige
Ceangal le bean, ní míntais thoghfaidh-
Thaitneamhach shuite de shíol ná d?fhoghlaim,
Cló-dheas chaoin nó míonla mhánla
A mb?eól di suí ná teacht do láthair,
Ach doineantach odhar nó donn doilíosach
Do chruinnigh le doghrainn cabhair nach cuí di!

Sé chrá mo chroí is do scaoil gan chiall mé
Is d?fhág mo smaointe is m?intinn traochta
Tráite tinn mar táim, go tréithlag,
Cráite cloíte ag caí is ag géarghol,-
Nuair a fheicim preabaire calma croíúil
Fuadrach fearúil barrúil bríomhar
Stuama feasach seasmhach saoithiúil
Gruaidhdheas greannmhar geanúil gnaoidhúil,
Nó buachaill bastallach beachanta bróigdheas
Cruaidhcheart ceanasach ceapaithe córach
Buaite ceannaithe ceangailte pósta
Ag fuaid ag cailleach ag amaid nó ag óinmhid,
Nó ag suairtle salach de chaile gan tionscal,
Stuacach stalcach aithiseach stangach
Suaiteach sotalach foclach fáidhiúil
Cuardach codlatach gairgeach gráiniúil.
Mo chreach is mo lot! Tá molt míbhéasach,
Caile na gcos is folt gan réiteach,
Dá ceangal anocht is é loisc go léir mé,
Is cá bhfuil mo locht nach dtoghfaí mé roimpi?
Créad an t-ábhar ná tabharfaí grá dom
Is mé chomh leabhair, chomh modhúil chomh breá seo?
Is deas mo bhéal, mo dhéad is mo gháire,
Is geal mo ghné, is tá m?éadan tláth tais,
Is glas mo shúil, tá m?urla scáineach
Bachallach búclach cúplach fáinneach,
Mo leaca is mo ghúis gan smúit gan máchail
Tarraingthe cumtha lonrach scáfar
Mo phíob, mo bhráid, mo lámha, mo mhéara,
Ag síorbhreith barr na háille ó chéile.
Féach mo chom! Nach leabhair mo chnámha,
Níl mé lom ná crom ná stágach,
Seo toll is cosa is colann nach náir liom
Is an togha go socair fé chover ná tráchtaim.
Ní suairtle caile ná sreangaire mná mé
Ach stuaire cailce tá taitneamhach breá deas,
Ní sraoill ná slaid ná luid gan fáscadh
Ná smíste duirc gan sult gan sásamh,
Lóisteach lofa ná toice gan éifeacht,
Ach ógbhean scotha chomh tofa is is féidir.
Dá mbeinnse silte mar tuilleadh de mo chomharsana,
Leadhbach liosta gan tuiscint gan eolas,
Gan radharc, gan ghliceas in imirt mo chóra,
Mo threighid! cár mhisde mé rith in éadóchas?
Ní fhacthas fós mé i gcóngar daoine,
Ag faire nó ag tórramh óg ná críona,
Ar mhachaire an bháire an ráis nó na rince,
I bhfarradh na dtáinte ar bánta líonta,
Ach gafa go sámh gan cháim ar domhan
I gculaith shásta ó bharr go bonn.
Beidh a cheart im chúl de phúdar fillte,
Starch is stiúir i gcúl mo chaidhpe,
Húda geal gan ceal ribíní
Gúna breac is a cheart ruffaí leis;
Is annamh go brách gan fásáil aerach
Thaitneamhach bhreá le mo cheárdán craorag,
Is an iomaí luibheanna craobh is éanlaith
Ar m?aprún síogach ríoga cambric;
Sála cumtha cúnga córach
Arda sleamhaine ar screw faoi mo bhróga,
Búclaí is fáinní is láimhne síoda,
Fonsaí bráisléidí is lásaí daora.
Seachain, ná síl gur sceinnteach scáfar,
Amaid gan ghaois nó naíondacht náireach
Eaglach uaigneach uallach fhiáin mé,
Gealtach gan ghuais gan stuaim gan téagar;
I bhfolach ní rachainnse ó radharc na gcéadta,
Is ceannasach taibhseach m?aghaidh agus m?éadan,
Is dearfa bhím dom shíorthaispeánadh
Ar mhachaire mhín gach fíoriomána,
Ag rince, ag báire, rás is radaireacht,
Tinte cnámh is ráfla is ragairne,
Ag aonach margadh is Aifreann Domhnaigh,
Ag éileamh breathnaithe, ag amharc gach togha fir.
Chaitheas mo chiall le fiach gan éifeacht,
Dhalladar riamh mé, d?iaighdear m?ae ionam.
Tar éis mo chumainn, mo thurraing, mo ghrá dóibh,
Tar éis ar fhulaing mé d?iomad cránais,
Tar éis ar chailleas le caitheamh na scálaí,
Béithe balbha is cailleacha cártaí.
Níl cleas dá mb?fhéidir léamh ná trácht air
Le teacht na ré nó tar éis bheith lán di,
Um Inid nó um Shamhain nó ar shiúl na bliana
Ná tuigim gur leamhas bheith ag súil le ciall as.
Níorbh áil liom codladh go socair aon uair díobh
Gan lán mo stoca de thorthaí faoi mo chluasa,
Is deimhin nárbh obair liom troscadh le cráifeacht,
Is greim nó blogam ní shlogainn trí trátha,
In aghaidh an tsrutha do thumainn mo léine,
Ag súil trí mo chodladh le cogar ó mo chéile,
Is minic do chuaigh mé ag scuabadh an staca,
Ingne is gruaig faoin luaith-ghríos d?fhágainn,
Chuirinn an tsúiste faoi chúl an ghabhail,
Chuirinn an rámhainn go ciúin faoin adhairt chugam,
Chuirinn an choigeal i gcillín na háithe,
Chuirinn mo cheirtlín i dtine aoil Mhic Rághnaill,
Chuirinn an ros ar chorp na sráide
Chuirinn san tsop chugam tor cabáiste.
Níl cleas acu siúd dá ndúras láithreach
Ná hagraíonn cúnamh an deamhain is a bhráthar,
Sé fáth mo scéil go léir is a bhrí dhuit
Mar táim gan chéile tar éis mo dhíchill,
Fáth mo sheanchais fhada, mo phianchreach,
Táim in achrann dhaingean na mblianta,
Ag tarraing go tréan ar laethanta liatha
Is eagal liom éag gan éinne dom iarraidh.
A Phéarla ó Pharrthas screadaim is glaoim ort,
Éiric m?anama ort, aitim thú is éim ort,
Seachain ná scaoil mé im shraoill gan aird
Nó im chailleach gan chríoch gan bhrí gan bhláth,
Gan chara gan chlann gan chom gan chairde
Ar theallacha draighin gan feidhm gan fáilte.
Dar a fuil uimpi tinte is toirneach!
Dalladh mé suite maoite im óinmhid,
Sealbh gach só ag rogha gach díogha,
Is ag ainnibh na Fóla os comhair mo shúl.
Tá somach ag Saidhbh go saibhir sámhach,
Muirinn i meidhir is a haghaidh ar a nuachar,
Mór is Mairsile i macnas múchta,
Is mórchuid magaidh orthu ag fachnaoid fúmsa;
Is giodamach sámh í Sláinge, is Síle
Sisile is Áine is ál ina dtimpeall,
Tuilleadh mar tá siad de mhná na tíre
Is mise mar táim gan tál gan tsíolrach.

Is fada gan feidhm is foighne domsa é,
Lagar dom leá is mo leigheas im chumhachta
Maille le luibhne díblí dreoite
Is ortha draíochta chloífeas fós dom
Buachaill deas nó gas galánta
Bhuaifeas ceart a shearc is a ghrá dhom.
Do chonnaic mé go leor den tsórt dá dhéanamh
Is chuirfinn i gcóir na cóngar chéanna;
Is daingean an cúnamh ag dúbailt daoine
Greamanna d?úlla is púdar luíbhne,
Magairlín meidhreach, meill na mbuailte,
Taithigín taibhseach, toill na tuairte,
Mealladh na minseach, claíomh na mbonsach,
An cumainnín buí is an draíocht chun drúise.
Duilliúr dóite ar nós gur rún é,
Is tuilleadh den tsórt nach cóir a mhúineadh.
Do b?iontas mór i dTuamhumhain le chéile
An bhruinneall seo thuas ag buachan céile;
Is d?inis sí domsa, ar ndóigh, trí rún,
Um Inid is í pósta ó bhord na Samhna
Nár ibh is nár ól ach an feoithneach fionn
Is cuillibh na móna dóite ar lionn.
Is fada mé ag foighneamh, faighimse fuascailt,
Seachain ar mhoill mé, saighead chun luais é;
Muna bhfuil leigheas dom threighid i do chuairtse
Cuirfidh mé faghairt i bhfeidhm má?s crua dom.

Cuid a Trí: An Seanfhear

Preabann seanfhear anuas le freagra a thabhairt ar an
ógbhean. Deir sé gur ar shaol mígheanmnaí na mná óga féin an
milleán go bhfuil siad i gcruachás. Cuireann sé síos ar a
phósadh féin agus faoi mar a bhí an bhrídeach torrach ó
fhear eile i ngan fhios dó. (Dá ainneoin sin, molann sé
leanaí tabhartha go hard níos déanaí mar chuid den impí aige
ar Aoibheal deireadh a chur leis an bpósadh.)

Preabann anuas go fuadrach fíochmar
Seanduine suarach is fuadach nimhe faoi,
A bhaill ar luascadh is luas anáile air,
Draighean is duais ar fud a chnámha.
Ba dhearóil an radharc go deimhin don chúirt é
Ar bord ina thaibhse im éisteacht dúirt sé:-
Dochair is díobháil is síorchrá cléibhe ort
A thoice le místaid, a shíol gábha is déirce,
Is dóigh nach iontas laigeacht na gréine
Is fós gach tubaist dar imigh ar Éire,
Mar mheath gach ceart gan reacht gan dlí againn,
Ár mba bhí bleacht gan lacht gan laonna acu,
Is dá dtagadh níos mó de mhórscrios tíortha
Is gach faisean dá nuacht ar Mhóir is ar Shíle.
A thoice gan chríoch nach cuimhin le táinte
Olcas na síolrach daoine ó dtángais,
Gan focal le maíomh ag do shinsear gránna
Ach lopaigh gan bhrí, lucht míre is mála.
Is aithnid dúinne an snamhaire is athair duit,
Gan chara gan chlú gan chúl gan airgead,
Ina leibide liath gan chiall gan mhúineadh,
Gan mheadar gan mhias gan bhia gan anlann,
Gan faic ar a dhroim is a chabhail gan chóta,
Ach gad ar a choim is a bhonn gan bhróga.
Creidigí, a dhaoine, dá ndíoltaí ar aonach
Eisean is a bhuíon tar éis íoc gach éileamh,
Dar colainn na naoimh ba dícheall mór dó
Pota maith dí lena fhuíollach d?fhuascailt.
Nach mór an t-ábhacht is an gleo i measc daoine
Truaire de do shórt gan bhó gan chaoirigh,
Búclaí i do bhróga is clóicín síoda ort,
Is ciarsúir póca ag gabháil na gaoithe ort!
Do dhallais an saol go léir le do thaibhse,
Is is aithnid dom féin tú i dtaobh le coife
Is deacair dom labhairt, do lom is léir dhom,
Is fada do dhroim gan chabhair ón léine;
Is togha drochduine do thuigfeadh ina gá thú
Is feabhas do rufa le do mhuinchille cáimric.
Tá canbhás saor chun sraod go bhásta
Is cá bhfios don tsaol nach stays é do do fháscadh?
Feiceann an tír ort frínse is fáinne
Is ceileann do laímhne gríos is gága.
Ach aithris ar bord, nó inseoidh mé féin é,-
An fada nár ól tú deoir le do bhéile?
A chonnartaigh bhoicht na gcos gan ionladh,
Dóchas id chorp le Bucks gan anlann
Is furasta dar liom dod chúl bheith taibhseach,
Do chonnac lem shúile an chúil ina luíonn tú;
Garbh nó mín ní síntear fút ann,
Barrach nó líon dár sníomhadh le tuirne,
Ach mata ina smoirt gan chuilt gan chlúdach,
Dealbh gan luid gan phluid gan tsúsa,
I gcomhar botháin gan áit chun suí ann
Ach súiche sileáin is púscadh aníos ann,
Fiaile ag teacht go fras gan chuimse
Is rian na gcearc air trasna scríobtha,
Lag ina dhroim is na gabhla ag lúbadh
Is clagarnach dhonn go trom ag tuirlingt.
A chumainn na bhfáidhithe! nach ard do labhair sí!
Gustalach gálbha gárthach gabhann sí
I ndathanna i gcóir is i gclócaí síoda,
Faire go deo orthu! fóill, cár fríth é?
Aithris cá bhfuair tú an radharc seo mhaíonn tú,
Is aithris cár thuill tú an leadhb gan bhrí seo;
Is deacair a shuíomh gur fríth go cóir iad-
Is gairid ó bhí tú gan síol an orlaigh.
Aithris cá bhfuair tú luach na húda,
Is aithris cá bhfuair tú luach do ghúna,
Ach leagaimid uainn cár ghluais an cóta,
Is aithris cá bhfuair tú luach na mbróga.
A Aoibheal cheanasach charthannach chumhachtach,
Guím thú, gairim thú, freagair is fóir mé,
Is fíor gur feasach mé forairí Fóla
Suite greamaithe ag sladaithe den tsórt seo.
Dar láimh mo chara! is aithnid dom comharsa
Láimh le baile agam, gairid do chóngar,
Buachaill soineanta sruimile saonta
Ar buaileadh duine acu chuige mar nuachar.
Is searbh lem chroí nuair a fheicim im radharc í-
A gradam, a críoch, a poimp is a taibhse;
Sealbhach bó aici is eorna ag fás di,
Airgead póca is ór idir lámha aici.
Do chonnaic mé inné í ar thaobh na sráide,
Is cumasach tréan an léire mná í,
Malpaire másach mágach magúil,
Marbh le cámas lán de ladús,
Murach gur claon liom éad do mhúscailt,
Scannal do scéith nó scéalta scrúdú,
Do b?fhuras dom insint cruinn mar chuala
An chuma na mbíodh sí sraoillte suaite,
Sractha ar lár is gáir ina timpeall,
Sraite ar an sráid nó i stábla sínte.
Mairfidh a tásc is tráchtfar choíche
Ar mharthain ar cháil is ar gháir a gníomhartha
In Uí Bhreacáin an aráin is an fhíona,
I dTír Mhachláin na mbánta míne,
Ag ísle is ársa Mháinse is Ínse,
Chill Bhreacáin, an Chláir is Chuinche,
Ag connsaigh ainmhíche Threadraí an phónra
Is fonsaí falchaí Chreatlaighe an chorda.
Faire, ba chlaon í, tar éis a ndúirt mé
Ghlacfainn gur saor í faoi na cionta
Ach beirim don phláigh í lá mar chím í
Leagaithe láimh le Gárus sínte,
Caite ar an ród gan orlach fuithi
Ag gramasc na móna ar bhóithre Dhubhdhoire.
M?iontas ann os ceann mo chéille
Is crithim go fann le scanradh an scéil seo,-
Ise bheith seang nuair theann gach éinne í
Is druidim le clann nuair shanntaigh féin í.
Is mór ina grása é ag rá na mbriathar,
Nóiméad de spás níor ghá le hiarraidh
Ó léadh ar bord os comhair na coinnle
An tEgo Vos seo d?ordaigh Íosa
Gur shéid sí lacht go bleacht ina cíocha
Ach naoi mí beacht is seachtain go cinnte!

Breathain gur bhaol don té tá scaoilte
Ceangal go héag faoi thaobh den chuing seo,
I sealbh gach saoth, is éad dá shuathadh-
In aisce, mo léan! mo léann ní bhfuaireas,
Is feasach don taobh seo den tsaol mar bhí mé
Sealad dem réim is dem laethanta roimhe seo,
Leitheadach láidir lán de shaibhreas,
Feisteas le fáil is fáilte im theaghlach,
Cara i gcúirt is cúnamh dlí agam,
Ceannas is clú agus comhar sa saoithe,
Tathach im chaint is suim is éifeacht,
Talamh is maoin ag suíomh mo chéille!
M?aigne sítheach is m?intinn sásta-
Chailleas le bean mo bhrí is mo shláinte!
Ba thaitneamhach leabhair an crobhaire mná í,
Bhí seasamh is com is cabhail is cnámha aici,
Casadh ina cúl go búclach trilseach,
Lasadh ina gnúis go lonrach soilseach,
Cuma na hóige uirthi is só ina gáire,
Is cuireadh ina cló chun póige is fáilte!
Ach chreathas le fonn gan chonn gan chairde
Ó bhaithis go bonn go tabhartha i ngrá dhi.
Is dearbh gan dabht ar domhan gur díoltas
Danartha donn dom thabhairt ar m?aimhleas
D?fhearthainn go trom ar bhonn mo ghníomhartha
Ó Fhlaitheas le fonn do lom do líon mé.
Do snaidhmeadh go suite snaidhm na cléire,
Is ceangladh sinn i gcuing le chéile,
Ghlanas gan chinnteacht suim gach éileamh
Bhaineas le baois gan ghaois an lae sin.
Cothrom go leor, níor chóir mé a cháineadh-
Stopas an gleo bhí ag cóip na sráide,
Bacaigh go léir, bhí an cléireach sásta,
An sagart róbhuíoch is b?fhéidir fáth leis!
Lasamar tóirsí is comharsana go cruinn ann,
Leagadh ar boird mórchuid bia chugainn
Clagarnach cheoil is ól gan chuimse,
Is chaitheadar cóisir mhórtach mhaoiteach.
Mo dhíth gan easpa nár tachtadh le bia mé
An oíche baisteadh nó as sin gur iarras
Síneadh ar leaba le hainnis do liath mé
Is do scaoil le gealaigh gan chara gan chiall mé.
Is é tásc do gheobhainn ag óg is ag aosta
Gur bhreallán spóirt ag ól is ag glaoch í
I mbotháin ósta is boird á bpléascadh,
Ar lár ina lóiste ag pósta is aonta.
Do b?fhada dá meilt a teist is a tuairisc
Do b?fhada gur chreid mé a bheag nó a mhór de,
Do b?eaglach le gach beirt dá gcuala é
Go rachainn im pheilt im gheilt gan tuairisc.
Fós ní ghéillfinn, caoch mar bhí mé,
Do ghlór gan éifeacht éinne mhaoidh é;
Ach magadh nó greim gan feidhm gan chéill
Gur aithris a broinn dom deimhin gach scéil!
Níor chúrsaí leamhais ná durdam bréige é,
Ná dúirt bean liom go ndúradh léi é
Ach labhair an bheart i gceart is in éifeacht-
Do bhronn sí mac i bhfad roimh ré dom!
Mo scanradh scéil gan féith dem chroí air-
Clann dá dtéamh dom tar éis na hoíche!
Callóid anfach ainigí scólta,-
Bunóc ceangailte is bean an tí breoite,
Posóid leagaithe ar smeachóidí teo acu
Cuinneog bhainne dá greadadh le fórsa
Is mullach ar lánmhias bánbhia is siúicre
Ag Muirinn Ní Cháimliaith báinliaigh an chrúca
Bhi coiste cruinnithe ag tuilleadh dem chomharsain
Cois na tine agus siosarnach dhamhsa.
Scaoileann siad cogar i bhfogas dom éisteacht:-
Míle moladh le Solas na Soilse!
Bíodh nach baileach a d?aibigh an chré seo
Feicimse an t-athair ina sheasamh ina chéadfa.
A bhfeiceann tú, a Shadhbh arú, luigheamh a ghéaga!
A dheilbh gan draighean a bhaill is a mhéara!
Cumas na lámh ba dána dóirne!
Cuma na gcnámh is fás na feola.
Do cheapadar cruinn gur shíolraigh an dúchas
Maise mo ghné agus íor mo ghnúise,
Filleadh mo shróine is glónra m?éadain,
Deise mo chló, mo shnua agus m?fhéachana,
Leagadh mo shúl is go fiú mo gháire
Is as-sin do shiúil ó chúl go sáil é.
Amharc nó radharc ní bhfaghainn den chréice,-
Is baileach gan leigheas do mhillfeadh gaoth é!-
Ag cuideachta an teaghlaigh i bhfeighil mo chaochta,
Siolla dá laghad di leáfaidh an créatú+B222ir!
Do labhras garg is do thagras Íosa,
Is stollta garbh do bhagras gríosach,
D?fhógras fearg le hainbhios cainte,
Is is dóigh gur chreathadar cailleacha an tí romham.
De leisce an achrainn leagadar chugam é,-
Beir go haireach air, seachain ná brú é,
Is fuiris a shuaitheadh, luaisc go réidh é,
Turraing do fuair sí ruaig roimh ré é;
Seachain nó faisc é, fág ina luí é,
Is gairid an bás do, is gearr do raghaidh sé;
Dá maireadh go lá idir lámha ina chló
Is an sagart ar fáil níorbh fhearr a bheith beo.
Do bhaineas an tsnaidhm dá chuibhreach cumhdaigh
Is bhreathain mé cruinn é sínte ar ghlúin liom,
A Muaireach d?airigh mé tathagach tamhanda é,
Fuair mé feargach fearradach lúitheach
Láidir leathan mo leanbh ina ghuaillí,
Sála daingeana is an-chuid gruaige air!
Cluasa cruinnithe is ingne fásta,
Chruadhdar a uillinneacha a chroibh is a chnámha,
D?aibigh a shúile is fiú a pholláirí,
Is d?airigh mé a ghlúine lúfar láidir.
Coileán cumasach cuisleach cóiriúil
Folláin fuinneamhach fulaingeach feolmhar.
Screadaim go hard le gáir na tíre
Is leagaim dod láthair cás na ndaoine,
Breathain go caoin, is bí truamhéileach,
Beanna a gcinn is suim a gcéille;
Athraigh an dlí seo chuinge na cléire
Is ainic an bhuíon nár fuarthas sa ngéibheann.
Má lagaigh an síolrach díonmahr daonna
I dtalamh dath-aoibheann fhíorghlais Éireann,
Is furasta an tír d?aithlíonadh le laochra
D?uireasa eangaí gan bhrí gan éifeacht,-
Cá bhfuil an gá le gáir na bainse,
Cárta biotáille is pá lucht seinnte,
Somacháin ar bord go fóiseach taibhseach,
Glugar is gleo acu is ól dá shaighdeadh,
Ó d?aibigh an t-ábhar do bhronn Mac Dé
Gan sagart ar domhain dá dtabhairt dá chéile;
Is leathanmhar láidir lánmhear léadmhar
Fairsing le fáil an t-álmhach saor seo.
Is minic a fheicimse bríomhar borrtha
Cumasach líonta i gcroí is i gcóir iad;
Creim ní fheicim nó daille nó caoiche
I léim ar leithre dár hoileadh ó bhean ar bith;
Is mó is is mire, is is teinne is is tréine
A gcló is a gclisteacht ná dlisteanaigh éinne.
Is furasta a luaimse d?fhuascailt go suite
Is duine acu an uair seo ar fud an tí agam!
A bhfeiceann tú thall go ceansa ciúin é!
Deisigh anall i dteannta an bhoird é.
Breathain go cruinn é, bíodh gurab óg é
Is dearfa suite an píosa feola é,
Is preabaire i dtoirt i gcorp is i gcnámh é
Cá bhfuil a locht i gcos nó i lámh de?
Ní seargach fann ná seandach feosach,
Leibide cam nó gandal geoiseach,
Meall gan chuma nó sumach gan síneadh é
Ach lansa cumasach buinneamhach bríomhar.
Ní deacair a mheas nach spreas gan bhrí
Bheadh ceangailte ar nasc ar tasc ag bean,
Gan chnámh gan chumas gan chuma gan chom,
Gan ghrá gan chumann gan fuinneamh gan fonn,
Do scaipfeadh i mbronn d?aon mhaighre mná
Le catachas draighin an graíre bhreá
Mar chuireann sé i bhfeidhm gan mhoill gan bhréig
Le cumas a bhaill is le luigheamh a ghéag
Gur crobhaire é cruthaíodh go cothrom gan cháim
Le fonn na fola is le fothram na sláinte.
Leis-sin ná hiarrse a ríon réilteach
Milleadh meiriad le riail gan éifeacht!
Scaoil ó chodladh gan chochall gan chuibhreach
Síol an bhodaigh is an mhogall-fhuil mhaoiteach,
Scaoil fá chéile de réir nádúra
An síolbhach séad is an braon lábúrtha,
Fógair go féiltiúil trí na tíortha
D?óg is d?aosta saorthoil síolraigh.
Cuirfidh an dlí seo gaois sa nGaeil,
Is tiocfaidh an brí mar bhí ina laochra,
Ceapfaidh sé com is droim is doirne
Ag fir an domhain mar Gholl mac Móirne,
Gealfaidh an spéir, beidh éisc i líonta,
Is talamh an tsléibhe go léir faoi luibhne,
Fir is mná go brách dá mhaíomh,
Ag seinnm do cháil le gairdeas aoibhnis.

Cuid a Ceathair: An Ainnir Arís

Tá an ainnir arís ar an mbínse ag magadh an tseanfhir faoin
mbealach inar theip air a bhean óg a shásamh. Deir sí go mba
chóir iachall a chur ar fhir óga pósadh, is gan eisceacht a
dhéanamh do shagairt na tíre.

Tar éis bheith tamall don ainnir ag éisteacht
Do léim ina seasamh go tapa gan foighne,
Do labhair sí leis agus loise ina súile
Is rabhartaí feirge feilce fúithi:-
Dar Coróin na Carraige murach le géilleadh
Dod chló dod ainnis is d?easnamh do chéille
Is d?am na hurraime don chuideachta shéimh seo
An ceann lem ingin do sciobfainn ded chaolscroig,
Do leagfainn anuas de thuairt faoin mbord thú
Is is fada le lua gach cuairt dá bhfaighinn ort
Go stróicfinn sreanga do bheatha le fonn ceart
Is go seolfainn t?anam go Acheron tonnach.
Ní fiú liom freagra freastail do thabhairt ort,
A shnamhaire fleascaigh nach aithis do labhartha!
Ach inseoidh mé feasta do mhaithe na cúirte
An nós inar cailleadh an ainnir nárbh fhiú thú:-
Bhí sí lag, gan bha gan phuint,
Bhí sí i bhfad gan teas gan clúdadh,
Cortha dhá saol, ar strae dhá seoladh
Ó phost go piléar gan ghaol gan chóngas,
Gan scíth gan spás de lá nó d?oíche,
Ag stríocadh an aráin ó mhná nár chuí léi.
Do gheall an fear seo dreas sócúlach di,
Do gheall an spreas di teas is clúdadh,
Cothrom glan is ba le crú di,
Is codladh fada ar leaba chlúimh di,
Teallaigh teó agus móin a dóthain
Fallaí fód gan leoithne gaoithe,
Fothain is díon ón síon is ón spéir di,
Olann is líon le sníomh chun éadaigh.
Do b?fheasach don tsaol is don phéist seo láithreach
Nach taitneamh ná téamh ná aonphuth ghrá dó
Do cheangail an péarla maorga mná seo
Ach easnamh go léir,-ba déirc léi an tsástacht!
Ba dubhach an fuadar suairceas oíche
Smúit is ualach duais is líonadh,
Lúithne luaidhe agus guaillí caol
Is glúine crua chomh fuar le hoidhre
Cosa feoite dóite ón ngríosach
Is colainn bhreoite dhreoite chríona.
An bhfuil stuaire beo ná feoidhfeadh liath
Ag cual dá shórt bheith pósta riamh?
Nár chuardaigh fós faoi dhó le bliain
Cé buachaill óg í, feoil nó iasc?
Is an feóiteach fuar seo suas léi sínte
Dreoite duairc gan bua gan bíogadh.
Och! car mhór di bualadh bríomhar
Ar nós ba dhual de uair san oíche.
Ní dóigh go dtuigtear gurab ise ba chiontach
Ná fós go gcliseadh ar laige ina tonndacht
An maighre mascalach carthanach ciúntais-
Is deimhin go bhfaca sí a mhalairt de mhúineadh.
Ní labharfadh focal dá mba obair an oíche
Is a thabharfadh cothrom do stollaire bhíomhar.
Go brách ar siúl níor dhiúltaigh riamh é,
Ar chnámh a cúil is a súile iata.
Ní thabharfadh preab le stailc mhíchuíosach,
Fogha mar chat ná sraic ná scríob air,
Ach í go léir ina slaod cóshínte,
Taobh ar thaobh is a géag ina thimpeall,
Ó scéal go scéal ag bréagadh smaointe,
Béal ar bhéal is ag méaraíocht síos air.
Is minic do chuir sí cos taobh anonn de,
Is chuimil a bruis ó chrios go glún de;
Do sciobadh an phluid is an chuilt dá ghúnga
Ag spriongar is ag sult le moirt gan subhachas.
Níor chabhair di coigilt ná cuimilt ná fáscadh,
Fogha da hingin, dá huillinn, dá sála.
Is náir dom aithris mar chaitheadh sí an oíche
Ag fáscadh an chnaiste, ag searradh is ag síneadh,
Ag feacadh na ngéag is an t-éadach fúithi,
A baill go léir is a déada ar lúithchrith,
Go loinnir an lae gan néall go dhúchan uirthi,
Ag imirt ó thaobh go taobh is ag únfairt.
Nach furasta don lobhar seo labhairt ar mhná
Is gan fuinneamh ina choim ná cabhair ina chnámha,
Má d?imigh an mhodhúil bhí trom ina ghábha
Is gur deineadh an fhoghail seo gabhaimse a páirt.
A bhfuil sionnach ar sliabh nó iasc i dtrá,
Nó iolar le fiach nó fia le fán
Chom fada gan chiall le bliain nó lá
Do chaitheamh gan bia is a bhfiach le fáil?
An aithnid díbh féin san tsaol seo cá bhfuil
An t-ainmhí claon nó an feithid fáin
Do phiocfadh an chré an fraoch nó an pháil
Is feorainn ina shlaoda is féar le fáil?
Aithris gan mhoill, a chladhaire chráite,
Freagair mé, faghaimse feidhm id ráite:-
Cá bhfuil do dhíth ag suí chun béile?
Ar caitheadh le mí aici a dtíos ina féile!
An laigide an chúil nó an lúide an láithreach
Fiche milliún má shiúil le ráithe ann?
Mairg i do cheann a sheandaigh thamhanda,
An eagal leat ganntanas am do dhúile
An dóigh a ghliogaire buile gur bhaol duit
Ól na Sionainne tirim nó a taoscadh?
Trá na farraige is tarraingt an tsáile?
Is clár na mara do scaipeadh le scála?
Breathain in am ar leamhas do smaointe
Is ceangail do cheann le banda timpeall!
Seachain i dtráth, ná fág do chiall
Le heagla mná bheith fáilteach fial;
Dá gcaitheadh sí an lá le cách do riar
Bheadh tuilleadh is do sáith-se ar fáil ina ndiaidh.
Mo chumha is mo chrá ba bhreá san éad
Ar lúbaire láidir lánmhear léadmhar
Shantach sháiteach shásta sheasmhach
Ramsach ráflach rábach rabairneach,
Lascaire luaimneach, cuardaitheoir cuimseach,
Balcaire buan nó buailteoir bríomhar,
Ach seanduine seanda cranda creimneach,
Fámaire fann is feam gan féile.

Is mithid dom chroí bheith líonta de léithe,
Is m?iontas trí gach smaointe baotha
Cad a bheireann scaoilte ó chuibhreach céile
In eaglais sinsir suim na cléire.
Mo chrá gan leigheas, mo threighid dom fháscadh,
Is láidir m?fhoighne is laghad mo ráige,
Is méid a mbímid ar díth gan éinne,
Is mian ár gcroí faoi shnaidhm na héide.
Nach bocht an radharc do mhaighdean ghábhair
Toirt is taibhse a mbaill is a mbreátha,
Bloscadh a n-aghaidh agus soilse a ngáire,
Corp is coim is toill ar támhchrith,
Úire, áille, bláth agus óige,
Ramhadas cnámh is meáchan feola,
Martas trom is droim gan suathadh,
Neart gan dabht is fonn gan fuarú.
Bíonn sealbh gach sú acu ar bhord na saoithe,
Earra agus ór chun óil is aoibhinis,
Clúmh chun luí acu is saill chun bia acu,
Plúr is milseacht meidhir is fíonta.
Is gnáthach cumasach iomadúil óg iad
Is tá fhios againne gur fuil agus feoil iad.
Cumha ní ghlacfainn le cafairí coillte,
Snamhairí galair ná searraigh gan soilse,
Ach malra bodacha, stollairí tréana,
I dtámhghail chodlata is obair gan déanamh!
Creidim gan bhréag gur mhian le roinn díobh
Filleadh le féile, daor ní bheinnse.
Cothrom, ní cóir an t-ord le chéile
Chrochadh le córda, ghabháil nó dhaoradh,
Bás na droinge, is deimhin, ní ghráfainn
Lán na loinge chun duine ní bháfainn,
Cuid acu bíodh gur rícigh riamh
Is cuid eile bhíos gan ríomh gan riail,
Cinntigh chrua gan trua gan tréithe,
Fíochmhar fuar is fuath do bhéithe.
Tuilleadh acu atá níos fearr ná a chéile,
Tuilte le grá is le grásta féile.
Is minic a buaitear ba is gréithe
Cuigeann is cruach de chuairt na cléire.
Is minic lem chuimhne maíodh a dtréithe
Is iomad dá ngníomhartha fíorghlic féithe,
Is minic do chuala ar fud na tíre
Siosarnach luath dá luadh go líonmhar,
Is chonnaic mé taibhseach roinn dá ramsach
Is uimhir dá gclainn ar shloinnte falsa.
Baineann sé fáscadh as lár mo chléibhse
A gcaithtear dá sláinte ar mhná treasaosta
Is turraing san tír chun díth na mbéithe,
Ar cuireadh gan bhrí tsíolrach naofa.
Is dealbh an diachair dianghoirt d?Éire
Ar chailleamar riamh le riail gan éifeacht!
Fágaim fútsa a chnó na céille
Fáth na cúise is cumha na cléire.
Is meallta meillte luí dom dhóighhse.
Is dall gan radharc mé, soilsigh m?eolas,
Aithris, ós cuimhin leat, caínt na bhfáithe
Is aspal an Rí ba bhíogach ráite.
Cá bhfuil na cumhachta d?órdaigh an Dúileamh,-
Is calcadh na feola i gcoróin na cumha seo;
Pól dar liom ní dúirt le héinne
An pósadh dhiúltú ach drús do shéanadh,
Scaradh led ghaol dá mhéid do ghnaoi
Is ceangal led shaol is claoí led mhnaoi.
Is obair gan bhrí do bhean mar táimse
Focal den dlí seo suíomh dod láthair,
Is cuimhin leat féin a phéarla an taibhse
Suíomh gach scéil is léir dhuit soilseach
Binnghuth buan is bua na mbriathra
Is caínt an Uain ná luafar bréagach,
Dia nárbh áil leis máthair aonta,
Is riail gach fáidh i bhfábhar béithe.
Guím go hard tú, a fháidhbhean tsíthe,
A shíolrach neamhda a barr na ríthe,
A shoilse glóire a choróin na sluaite,
Éist lem ghlórsa, fóir is fuaraigh dúinn;
Meá i do intinn díth na mbéithe
Is práinn na mílte brídeach aonta,
Is toicí mar tá siad ar bhráid a chéile
Ag borradh is ag fás mar ál na ngéanna;
An tál is lú tá ag siúl na sráide,
Gárlaigh dhubha is giúnach gránna,
An aga dá laghad má fhaigheann siad a ndóthain
Glasraí, meadhg, is briodar borrfaidís;
D?urchar neimhe le haois gan éifeacht
Tiocfaidh na cíocha, scinnfidís, sceithfidís.
Scalladh mo chléibh! is baoth mo smaointe!
Ag tagairt ar chéile i gcaora tinte!
Is deacair dom súil le subhachas d?fháil
Is gan fear in aghaidh triúir sa Mhumhain dá mná.
Ó tharla an ceantar gann seo ghábhair,
Fánlag fann, is an t-am seo práinneach,
Fóla folamh is fothram ag fiaile,
Is óige an phobail ag cromadh is ag liathadh,
Aonta fada go dealbh gan foighne
D?éinne ar talamh is fear éigin faighimse.
Ceangail i dtráth go tláith faoin úim iad,
Is as sin go brách fágtar fúinne iad.

Cuid a Cúig: An Breithiúnas is an Réiteach

Tugann Aoibheal a breithiúnas ar na fadhbanna a bhí pléite
sa chúirt. Tairngríonn sí go mbeidh cead ag na sagairt
pósadh go luath agus ceadaíonn sí géarleanúint ar fhir nach
bhfuil sásta pósadh. Sé an file an chéad duine a thoghtar le
sciúirseáil a dhéanamh air.

D?éirigh an mhánla ar bharr a bínse,
Is do shoilsigh an lá san áit ina timpeall,
B?álainn óg a cló is a caoindreach,
B?ard a glór ba bheo is ba bhíogach.
D?fháisc a dóirne is d?ordaigh deimhneach
Báille ar bord ag fógairt Silence.
Adúirt a béal bhí ag séideadh soilse,-
An chúirt go léir go faon ag éisteacht:-
Faghaimse díreach brí chun buaite
Is feidhm id chaíntse a bhrídeach bhuartha.
Feicím, is is dóigh gur dóite an radharc liom,
Síolrach Órfhlaith Mhóire is Mheidhbhe,
An seifteoir caol is an créatúr cladhartha,
An ceisteoir claon is an déirceoir daigheartha,
Sú na táire is tál na coimse
Ag súil le sárfhuil sámh na saoithe.
Achtáimid mar dlí do bhéithe
An seacht faoi thrí gan chuibhreach céile
Do tharraing ar cheann go teann gan trua
Is a cheangal don chrann seo i dteannta an tuama.
Bainigí lom de a chabhail is a chóta,
Is feannaigí a dhroim is a choim le córda.
An chuid acu tharla báite i mblianta
Is cheileas go táir an tairne tiarpa,
Chuireas amú gan subhachas d?éinne
Buile na hútha is lúth a ngéaga,
Do mhilleas a gcáil is fáil ar bhean acu
Ag feitheamh gan fáth ar bharr na craoibhe,
Fágaim fúibhse tionscal páise
A mhná na dúile dúbhadh le háilíos;
Ceapaigí fír-nimh tinte is tairní,
Caithigí smaointe is intleacht mhná leis,
Cuirigí bhur gcomhairle i gcomhar le chéile,
Is tugaimse cumhachta an fórsa dhéanamh.
Beirim gan spás díbh páis na gciantach,-
Is beag liom bás gan barrghoin pian dóibh.
Ní chuirimse i bhfáth de bharr mo chainte
An foirfeach fálta cás-lag claoite,
An gabhal gan gotha ná an gola gan geall shuilt,
An toll gan toradh ná an tormach falsa,
Ach ligtear an óige i gcóir chun síolraigh
Is déanfaidh an sórt seo clóca is díon dóibh.
Is minic a fheicimse rinsigh bhaotha
Ag titim le tíos, is bímse buíoch díobh,
Gafa le mná de lá agus d?oíche
Ag cosaint a gcáil is ar scáth a ngníomhartha;
Ag seasamh ina bhfeidhil is bhfeidhm go fálta,
A n-ainm ar chlann is bheinnse sásta.
Do chuala siolla is do cuireadh i bhásta é-
Is fuath liom baineannach iomadach ráiteach-
Labhair go réidh is glaoigh go híseal,
Bos ar do bhéal, is baol bheith caínteach!
Seachain go fóill na cumhachtaigh íogair
Is caithfidh siad pósadh fós pé chífeas.
Tiocfaidh an lá le lánchéad comhairle
Is cuirfidh an Pápa lámh na gcumhacht air,
Suífidh an chuideachta ar thubaiste na tíre,
Is scaoilfear chugaibh faoi urchall cuibhrigh
Fiántas fola agus fothram na feola
Is mian bhur dtoile na stollairí teo seo.
Aon duine eile dar hoileadh ó bhean ar bith-
Léigh a ndeirim is feicim do bhíogadh;
Ar shlí mo chumais ná fulaing i gcaoi ar bith
Sraoill gan urraim nó Muirinn i mbríste,
Ach lean sa tóir na feoitigh liatha
Is glanaigí Fóla ón sórt seo fiaile!

Caithfidh mé gluaiseacht uaibh chun siúil,
Is fada mo chuairtse ar fud na Mumhan;
An turas tá rómham ní fhónann moill do,
Is iomad den ghnó anseo fós gan éisteacht.
Casfaidh mé arís is is fíor nach fáilteach
D?fhir nach díon mé theacht don áit seo;
An chuid acu atá go táir ina smaointe,
Foireann nach foláir leó a gcáil bheith sínte,
Mhaígh mé le fothram a gcothrom ar bhéithe,
Feicfidh an pobal a gcogar is a sméidte.
Is taitneamhach leo is is dóigh gur laochas
Scannal na hóige pósta is aonta,
Mian a dtoile ní sporann a gcionta,
Bréantas fola ná borradh na drúise,
Taitneamh don ghníomh nó fíoch na féithe
Ach magadh na mílte, maíomh a n-éachta.
saint dá só bheir beo na céadfa
Ach caint is gleo agus mórtas laochais,
Mustar is ábhacht is ráig gan riail,
Is a gcumas go tláth gan tál gan triall,
Go tuisleach tárrlag támh ina n-iall,
Is cuthach le gá ar a mhná ina ndiaidh.
Glacfaidh mé go réidh an méid seo láithreach,
Caithfidh mé géilleadh do mhéid mo phráinneach,
Cuirfidh mé an bhuíon so i gcuing is in úim
Nuair thiocfaidh mé arís sa mhí seo chugainn.

Do breathain mé cruinn an rí-bhean réilteach,
Is do lagaigh mo chroí le linn bheith réidh dhi,
D?airigh mé dásacht ghráinmhear éigin
Is pairilis bháis im chnámha is im chéadfaí;
Chonnaic mé an tír is an tíos ar luascadh,
Is fuinneamh a caínte ag rince im chluasa.
Tagann an bíoma bíogach báille,
Is leath mo líthe ar shíneadh a láimhe;
Tharraing ar chluais go stuacach storrúil
Sracaithe suas léi ar uachtar boird mé.
Preabann an bháb seo chráigh an t-aonta,
Greadann a lámha is is ard do léim sí.
Is aibí adúirt-A chrústa chríona
Is fada mé ag súil led chúlsa chíoradh,
Is minic do sluíomh thú, a chroí gan daonnacht,
Is mithid duit stríocadh do dhlí na mbéithe.
Cosaint cá bhfaighfidh tú in aghaidh na cúise?
Focal níor thuill tú a leadhb gan lúthchleas.
Cá bhfuil do shaothar saor le suíochan?
Cá bhfuil na béithe buíoch de do ghníomhartha?
Breathainse a bhaill seo a mhaighdean mhaorga,-
Ainimh ní bhfaighimse mhill ar bhéithe é;
Breathain go cruinn a ghnaoi is a ghéaga
Ó bhaitheas a chinn go boinnn a chaolchos.
Bíodh gurab ainimheach anmhíchumtha é
Feicimse ceangailte a bharra gan diúltú
A ghile ní ghráfainn, b?fhearr liom buí é,
Is cuma na gcnámh-ní cháinfinn choíche
Duine mbeadh dronn ina dhroim is fánadh-
Is minic sin togha fir cromshlinneánach;
Ba mhinic sin gambach lansa gníomhach
Is ioscaidí cam ag strompa bhríomhar.
Is fáithe folacha uireasach éigin
D?fhág an doirfeach foirfe in aonta,
Is méid a cheana idir mhaithe na tíre,-
A réim le sealad i gcairdeas daoine,
Seinm ar cheolta spórt is aoibhneas
Imirt is ól ar bhord an saoi,
I gcóir na foirne fuineadh as féile,
An snamhaire ar b?fhuarasta dom urraimse géilleadh.
Is taibhseach taitneamhach tairbheach tréitheach
Meidhreach meanmnach a ainm is is aerach.
Ainmhí de do shórt níor ordaigh an Tiarna,-
Geanmnaí fós i gcóngar liaithe!
Creathaim go bonn le fonn do dhaortha,
Is gairid an chabhair do labhartha baotha,
Is coir módh is díreach suite id éadan-
Deich faoi thrí gan cuibhreach céile.
Éist liomsa a chlú na bhfoighneach,
Faighimse cúnamh i gcúis na maighdne;
An crá is an dúladh mhúch gan bhrí mé,
A mhná na muirne, is rún liom íoc air.
Cúnaigh deirim libh, beir air, tóg é,
A Úna gairim thú is faigh dom córda;
Cá bhfuil tú a Áine, ná bí ar iarraidh!
Ceangailse, a Mháire, a lámha ar dtaobh thiar de!
A Mhuirinn, a Mheadhbh, a Shadhbh is a Shíle,
Cuirigí i bhfeidhm le daigheartha díograis
Barr gach scólta d?ordaigh an tsíbhean,
Báigí sa bhfeol gach córda snaidhmeach,
Tomhais go fial na pianta is cruatan
Le tóin is le tiarpa Bhriain, gan trua ar bith;
Tóg na lámha is ardaigh an sciúirse,
Is sampla sámh é a mhná na muirne!
Gearraigí domhain, níor thuill sé fábhar!
Bainigí an leadhb ó rinn go sáil de!
Cloistear a chling i gcríocha Éibhir
Is critheadh a gcroí sna críontaigh aonta.
Is ciallmhar ceart an t-acht é, sílim,
Bliain an achta seo is ceart a scríobh dúinn:-
Réitigh, ceil, nó goid de sceimhle
Céad is deich faoi leith as míle,
Dúbail ceart an freastal fuidhlaigh,
Is thúirling Mac an tseachtain roimhe-sin.
Glacann sí a peann is mo cheannsa suaite
Ar eagla m?fheannta is scanradh an bhuailte;
An feadh do bhí sí ag scríobh an dáta
Is maithe an tí aici suite ar gárdaí,
Do scaras lem néal, do réidheas mo shúile,
Is do phreabas de léim ón bpéin dom dhúiseacht!